Tuirimh Mhic Fhinin Dhuibh Lyrics & Tabs by Iarla Ó Lionáird

Tuirimh Mhic Fhinin Dhuibh

guitar chords lyrics

Iarla Ó Lionáird

Album : Invisible Fields 2005 PlayStop

M'osna trí Luimnigh, Connacht agus Cléir le cumha,
Go Corcaigh na loingeas, agus thar tonnaibh dhá dtéinn de shiúl,
Ár gcróbhaire choimhthígh, fear ionaid na laoch 'fuair clú,

Go tearmann luige agus na cruinne go léir san úir,
San úir ó
San úir ó
Clú agus ceannas bhí agat ón Rí nglórmhar,
A bhí ar do ghacaibh i ngan fhios do rí cóige,
Níl tuath ná cathair fé bhrataibh ag Rí Seoirse
Ná gur dubhach an t-easpa is a mbailte go síorbhrónach
Brónach ó
Brónach ó
Is brónach atuirseach ó Cheachainn go Léim Lárach,
'S is buartha Banba ó Chaiseal go Béal Bearnais,
Tá dúthaigh Charibre ar lasadh gan scéimh áthais

Is brónach atuirseach ó Cheachainn go Léim Lárach,
'S is buartha Banba ó Chaiseal go Béal Bearnais,
Tá dúthaigh Charibre ar lasadh gan scéimh áthais
Is mo chumhasa Ráth Chana gur cailleadh ár laoch láidir.
Láidir ó.
Láidir ó.
Ba láidir choimhthígh ár gcuspa is ba leathan lúfar,
A mharcaigh na gcumann, go gcritheadh an talamh fútsa,
Ní raibh eagla dlithe ná clipeadh ar do bhaile dhúchais,
Ach id charaid mar Oscar a chuireadh na creacha ar gcúlaibh
Dubh ó
Dubh ó
Is dubh dorcha faoi scamallaibh tá na spéartha chughainn,
'S níl easpa ná uireasa ar chnocaibh ná ar shléibhte dubha
Ach i gcogadh na ríthe gur mhinic an t-eirleach súd
Is m'osna trí Luimnigh tusa go tréith san úir.

Like us on Facebook.....
-> Loading Time :0.0085 sec