Buachaill ón Éirne Lyrics & Tabs by Anuna

Buachaill ón Éirne

guitar chords lyrics

Anuna

Album : CynaraPlayStop

Buachaill ón Éirne mé
'S bhréagfainn féin cailín deas óg
Ní iarrfainn bó spré léithe

Tá mé féin saibhir go leor
'S liom Corcaigh 'a mhéid é
Dhá thaobh a' ghleanna 's Tír Eoghain
'S mura n-athraí mé béasaí
'S mé n' t-oidhr' ar Chontae Mhaigh Eo
Rachaidh mé 'márach
A dhéanamh leanna fán choill
Gan choite gan bád
Gan gráinnín brach' ar bith liom
Ach duilliúr na gcraobh
Mar éideadh leapa os mo chionn
'S óró sheacht mh'anam déag thú

Ach duilliúr na gcraobh
Mar éideadh leapa os mo chionn
'S óró sheacht mh'anam déag thú
'S tú 'féachaint orm anall
Buachailleacht bó, mo leo
Nár chleacht mise ariamh
Ach ag imirt 's ag 'ol
'S le hógmhná deasa fá shliabh
Má chaill mé mo stór ní móide
Gur chaill mé mo chiall
A's ní mó liom do phóg ná'n bhróg
Atá'r caitheamh le bliain
A chuisle 's a stór
Ná pós an seanduine liath
Ach pós a' fear óg, mo leo
Mur' maire sé ach bliain
Nó beidh tú go fóill
Gan ó nó mac os do chionn
A shilfeadh a'n deor
Tráthnóna nó'r maidin go trom

Like us on Facebook.....
-> Loading Time :0.0112 sec